Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 347
- XML “An Bairéadach Malaí Crosach - Mac Rí na bhFionnscothach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis agus d'imthigh mise ar a lorg agus ní'l aon áit dá ndeachaidh mé nach bhfuair mé a thuairisc. Sé an chéad áit eile fuair mé amharc air idir fuinneoga agus tháirsigh b'l'Cliath agus é ag gsaibhéaracht an ghearráin bháin le ceannuidhthe na cathrach móire (i gCéib na gCeannuidhthe).
"Ní imtheochaidh tú anois" arsa mise, "cómh bog is d'imthigh tú cheana". Bhí sé go díreach ag cur an Éirlis dá ghlaic nuair a shíl mé fhastógh. Fuaidh sé ar muin an ghearráin bháin agus d'imthigh leis siar chois fairrge, agus fuaigh sé amugha orm idir an leac agus an lus. Shín mé siar go gcodail mé néal. Nuair a dhúisigh mé chonnaic mé an gearrán bán ag ingheilt ar bháinseach an taobh eile díom.
"Caithfidh sé" arsa mise, "nach bhfuil an buiréadach i bhfad as láthair".
Shiubhail mé timcheall na h-áite agus fuair mé an buiréadach ina chodladh in eitireadh. Tharraing mé amach mo chlaidheamh agus bhain mé an ceann de.- Faisnéiseoir
- Páidín Ó Meádhra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe