Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 351

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 351

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 351
  3. XML “Teacht Ár dTiarna agus A Bhás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ach do tháinigh Iúdás faoi dhóchas
    Is a Rí glórmhar gur dhiol.
    Mo ghrádh-sa an Mhaighdean Ghlórmhar sí an Mhaighdean chómhachtach rí-gheal
    Dhá bhais aice á bpléascadh is a deora 'ce na fuil,
    Gur dhorchaigh na spéire agus an ghrian gheal gur dhuibh
    Seadh bhí Mac Dé na Glóire ann is É fhéin gan aon choir.
    A Chríostaidhthe an tsaoghail seo déanaidh bhur n-anam,
    Golaidh go cruaidh agus buailidh bhur mbasa
    Nár díolaimíd-ne go deo Thú ar ór buidhe ná ar racmas
    Mar nach bhfuil insa tsaoghal ach sceo beag seachas glóire na bhFlaitheas.
    Fanaidh sa chló chéadna go ndéanfaidh an spéir lasadh
    Go n-osclóchas na tuamaí is go n-éireochaidh na mairbh,
    Go seinnfear an ceol-trúmpa go dian mhoch ar maidin
    Beidh an Rí ceart ár n-éisteacht ar thaobh cnuic lán chatha.
    Nuair a sínfear annsúd sinn ar ár gcúl ag tabhairt an fhéir
    Nár leigir le Lucifer sinn ná le claon,
    Go ndéanaidh Tú slighe dhúinn gan cúntas go dtí Cúirt gheal na Naomh
    Go dtí cúirt gheal na glóire is bheith go deo ann Leat féin.
    Cuirim athchuinge go cruaidh chughat a Rí uasail an tsoluis,
    A céasadh Dia h-Aoine is fuil do chroidhe leat ina sruthaibh,
    Go mbeiridh Tú chughat Féin sinn go dtí gáirdín geal soluis,
    Go dtí Cúirt gheal na Glóire is a bheith go deo ann id' mholadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cheárnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    Os cionn 60
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sráid na nGabhar, Co. Chiarraí