Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chómhnuidhe in aici le caisleán Ráth Fhionáin. Phós sé agus t'réis bliadna nó mar sin do rug an bhean bunóc. D'fhágadh í féin is an bhunóc istigh ina n-aonar agus í 'na luighe, rud nár cheart dó dhéanamh do réir na bpiseóg. Sciob na sidheoga leo í agus fágadh iarlais éigin marbh ar an leabaidh. Thugadar leó í go dtí áit éigin i dTiobraid Árainn, ach ó'n uair gur thuig sí go maith cad a bhí uirthi agus cá raibh sí ní bhlaisfeadh sí greim bídh uatha. Bhí fhios aice dá ndéanadh ná bhfaigheadh dul thar n-ais go dtí a fear céile go deo. Dá bhrígh sin d'éaluigheadh sí amach uatha gach oidhche go tigh a bhí sa chomhursanacht agus thógadh sí a dóithin bidh as an dtigh sin.
T'réis cúig nó sé bliadna phós an fear airís agus bhí clann aige. Bhí fhios go maith ag an gcéad mnaoi gur dhéin sé amhlaidh ach níor thóg sí air é, mar cheap sé go raibh sí sin caillte. Annsan oidhche thaisbeáin sí í féin do'n bhfear a chómhnuigh sa tigh as a ngoideadh sí an biadh agus d'innis sí a scéal dó. Chreid sé í agus mhaith sé di an biadh do ghoid. D'iarr sí air scriobh go dtí a fear céile i Ráth Fhionáin agus a chur in iúl dó go raibh sí féin beó, agus ná raibh biadh na sidheog á(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí