Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 368](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_368.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 368
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaith sé an t-uisce an doras amach agus chuaidh sé a codladh airís. Ar maidin bhí sé tinn breoidhte agus mhothuigh sé rud éigin 'na cheathramhain. Thugadar go dtí na dochtúirí é agus má thug nior dhein na dochtuirí aon mhaitheas do.
Dubhairt sé leo gur caitheadh fó-chupán leis an oidhche sin, gur bhris sé agus gur fhan a leath istigh 'na chorrán. Bhí fhios ag na dochtúirí leis go raibh sé ann ach ní fhéadfaidís é thógaint amach. Nuair do bhí an buachaill bocht traochta amach ag an dtinneas, agus gan é seans ar a leigheas do tháinigh sean-bhean , bean feasa, go dtí an doras. Labhair sí le n-a mháthair agus dubhairt sí leí gurbh' amhlaidh abhí na daoine maithe ar buille toiscgan aon uisce do bheith sa tigh ach uisce na bprátaí, agus gur chaiteadar an fo-chupán ag an mbuachaill.
D'innis sí di go raibh an leath eile de'n fh0-chupán taobh thiar de'n leabaidh (setiol) agus dá bhfaigheadh sí é agus é chur ós cionn , nó ar an gcuid de'n cheathramhain abhí tinn go dtiocfadh an leath eile amach. Do dhein an mháthair amhlaidh , fuair sí an fó-chupán briste san áit a dubhairt an bhean feasa , chuir sí ar an áit tinn é, tháinigh an leath eile amach agus leigheasadh an buachaill.- Faisnéiseoir
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí