Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cómhnuigh na Mic Cárthaigh i Móin a' Rí in aice le Ceathramha 'n Phúca. Do thuit cailín acu breoidhte agus bhí sí ina luighe ar feadh i bhfad. Bhí sí cómh foirbhthe gránda san go ndubhairt gach aoinne nach í féin abhí sa leabaidh in aon chor ach iarlais éigin d'fhág na sidheoga ann agus gurbh' amhlaidh a sciobadar leo an cailín féin.
Lá amháin thainigh sean-duine isteach agus dubhairt se go leigheasóchadh sé í. Rug sé ar sluasaid agus chuir sé sa teine í, agus d'fhág sé annsan ígo raibh sí dearg te. Annsan thóg sé ina láimh í agus sheas sé ós cionn na leapthan agus bhagair sé ar an mnaoi abhí sa leabaidh imtheacht léi féinigh. D'éirigh sí go h-obann , amach an doras léide phreib, tháinigh an bhean eile isteach agus bhí sí cómh maith is bhí sí riamh.
Tá dhá bhóthar ó'n Daingean go Ceann Trágha , bóthar an Aifrinn a tugtar ar cheann acu agus is beag duine a théigheann an bóthar sin anois tá an oiread sin púcaí ann. In áit áirighthe ann --Claiseach na Gainmhe-- is minic a marbhuigheadh duine ann. Timcheall 15 bliadna ó shoin marbhuigheadh An Mistealach ó'n gCeathrúin,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí