Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 376
- XML “An Ghlas Ghaibhneach - Malairt Leagan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In aice le Cill Mhaoil Ceadair i bParóiste na Cille chidhtí bó in áit áitighthe. Sheasuigheadh sí ann agus thugadh sí bainne do na daoine bochta. Bhí bean ann agus cheap sí sin gur lei féin an bhó agus ní leigfeadh sí do na daoine bochta an bhó do chrúdh a thuille.
Annsan do chuaidh sí féin chun an bhó do chrúdh . Dá mbeadh sí ag gabhail di ó shoin ní bhfaigheadh sí braon bainne uaithe. Thosnuigh sí ag speacaighil agus as go bráth léi thar Árd na Caithne agus ní fheaca aoinne ó shoin í. Tá rian na ngalún crúidhte le feiscint fós ar na clocha i gCill Mhaoil Céadair.Nóta: Pé áit 'na bhfuair Micheál an leagan seo de'n scéal ní chuala riamh ag aoinne eile é. Is iomda duine ag a bhfuil an sean-leagan , nó an gnáth-leagan.- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caladh, Co. Chiarraí