School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 592
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó; bhí sé pósta agus bhí clann mhór aige.”
Bhí aicíd throm ortha agus bhíodar sa leabaidh. Bhí seacht gcinn de bhuaibh aige; fuaradar go léir bás mar ná raibh an tádh leis. Ní raibh aon bhainne aige annsan chun a thabhairt dos na páistí. Maidean áirithe tháinigh bó isteach ón bhfairrge agus do sheas sí taobh amuigh don doras.Diarr an fear ar a mhnaoí an bhó do chrúdh. Do chrúidh an bhó agus bhí go leor bainne aca annsan. Bhí dhá gamhain aici gach bliadhain. D'fhan sí leis ar feadh caogad bliadhain agus bhíodar ana shaidhbhir. Bhí ead ar na comhursanaibh mar gheall ar sin. Lá amain dubhairt fear an tighe,gach rud a thuit amach,le na comharsanaibh.An lá na dhiaid sin d'imthigh an bó uatha agus bhíodar comh bocht agus a bhíodar ar dtúis.Máire, Bean Chonchubhair Uí Chinnéide, Áth na gCeap, Abha na Scáil, ná maireann, a aithris. Bean Feirmeora í Máire:Aos 82 bliadhain. Bhí an scéal i mbéal na ndaoione le linn a h-óige.
Tógadh síos Abrán '38- Informant
- Máire Bean Chonchubhair Uí Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Áth na gCeap, Co. Chiarraí