Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 038
- XML “Triúr Ceardaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí tríur mac aige. Nuair d'eirigheadar suas dubhairt an t-athair leó go raibh sé cómh maith dhóibh dul céird éigin d'fhoghluim mar ná raibh aon rud aige féin le thabhairt dóibh. D'imthigheadar leó a bhíodar ag siubhal go d'thanagadar go dtí crosa a bhí sa bhóthar. Thóg gach duine acha a bhóthar féin agus dubhairt an duine ba shine acha gcaithfidís bheith ag an crosaire seo i gce [?] lae is bliana.
D'imthig an triúr acha agus i gceann lae is bliana bhíodar ag an crosaire arís. Bhí an duine ba shine acha ann ar dtús agus annsan an tarna ceann ba shine agus i gceann tamaill tháinig an cea [?] a b'óige acha. Bhí árd áthas ar fad ar a athair nuair chonnaic sé cuige iad cheap sé go rabhadar marbh le fada nuair nach rabhadar af scriobhadh cuige.
D'innis gach duine acha an céird a bhí aige dó. Dubhairt an duine aosta gur táilliúin é agus dubhairt an duine eile go foláir é agus dubhairt an duine a b'óige a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Sliabh Thiar, Co. Chiarraí