Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 012
- XML “An Rí agus A Dháréag Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do léim sé isteach i ngac barraill i ndiaidh a céile agus níor dóghadh ribe gruaige leis. Do léim duine de na gaiscidheach isteach agus do dóghadh suas é. Marbhán é sin arsa an gaiscidhea eile agus do léim sé féin isteach a [?] dóghad suas é sin leis. Do bhí ana bhuile annsan ar an gcailleach bhí buaidhte uirthi. Amach leí annsan agus do léim sí isteach sa tara agus dóighead suas í féin. Do phós ab bheirt annsan. I gceann tamaill dubhairt sé go gcaithfadh se dul cun a athar agus a mháthair d'feiscint. Do bhí sé na rí anois agus do rug sé leis a bhanríoghan óg. Cómh luath agus dho chuir se cos i bpalás a athar do dhúisigheadar suas agus do chuireadar failte roimis é féin agus an bhanríoghan. Do bhí óg agus críonna go maith annsan agus bhí saogal breá acha as san amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí