Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 078
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní itheadh na daoine ach dhá béile sa ló ins an ceanntar so. Is amhlaidh a thagadh siad abhaile ón obair a bhíodh ar siubhal aca ins an páirc go dtí an breacfeast, agus dá mbeidís ins an portach nó in aon áit ibhfad ó'n dtig tugadh an bhreicfeast cucha. Itheadh siad an céad béile sé sin an breicfeast timcheall aon déag a clog. An breicfeast a bhíodh aca annsan na bainne agus arán buidhe agus iasc beirbhithe. Bhíodh an béile eile acu annsan timcheall sé a clog san tráthnóna. Prataí a bhíodh acu agus iasc. Inaice an bhfalla a bhiodh an bórd aca igcomhnuidhe. Bhíodh trí saghas aráin acu, steampaí, sé sin arán déanta de prátaí. Briseadh siad na prátaí le gráta, sé sin píosa stáin agus alán poill air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ua Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí