Scoil: Scoil N. Erc
- Suíomh:
- Baile an Mhúraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Erc
- XML Leathanach 157
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go raibh leac cloiche síos fén spric agus go raibh óir i bhfolach fé'n lic acht go gcaithfidís dul abhaile ar dtúis agus cúpla spré theine dhearg thabhairt leó. Annsan an leic do nochtadh agus an teine bheith ullamh le caitheamh síos mar go raibh cat mór thíos fén lic a bhí ag faire ar an ór.
Do dheineadar mar dúbhairt an duine uasal acht fuaradar duagh maith an cat do mharbhú mar cat draoídheachta do beadh é.
Nuair bhí an cat marbh pholladar síos sa talamh níos fearr. Bhuail an tór leó agus roinneadar eatorra é. Chuireadar an leic agus gach rud na áit féin arís agus mhaireadar go lán tsásta as san amach.
Siobhán Ni Mhurchúdha.
Fuair ó na máthair- Bríd bean Ui Mhurchúdha
baile loisgithe baile na nGall.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchúdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Mhurchúdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí