Scoil: Scoil N. Erc
- Suíomh:
- Baile an Mhúraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Erc
- XML Leathanach 165
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cad a bheadh uaidh ar an mbó. Pé rud is maith leat arsa Seáinín. Tabharfad duit an casóg breagh mhór so atá orm arsa an ceannuightheóir. Tá go maith arsa Seainín agus tug sé do an bhó.Thug sé an chasóg leis abhaile acht sar a raibh sé leath-slighe do fhliuch an uain. Bhí sé díreach ag dul thar an dteampall go raibh a athair curtha. Do tháinig truagh a chroidhe ag Seáinín dá athair bhí curtha sa teampall agus bhain sé amach an tuama agus do chaith sé a chasóig moir anuas ar an dtuama chun ná buailfeadh aon braon báistíghe ar a athair. Thainig sé abhaile agus d'fhiafruig a mháthair do cad a fuair sé ar an mbó. Do fuaireas casóg mhór uirthi arsa Seáinín. Cá bhfuil an chasóig arsa an mháthair. Tá sí thuas sa teampall ar thuama m'athar,arsa Seainín mar nuair a bhíos ag teacht abhaile do fhliuch an uain(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Conchúbhair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Dháith, Co. Chiarraí