Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 389
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an ainm atá ar an mbaile 'na bhfuilim am chómhnuidhe ná "Tír". I bParóiste Breandan agus i mBarúntacht Corca Dhuibhne atá sé. Tá dhá cheann déag de thightibh anoia ann ach bhí fiche tig ann fadó. Tá slinn ar cuid des na tighthe agus tuighe ar an gcuid eile aca. Sé an sloinne is coitchianta sa "Tír" ná Breathnach. Tá ceathrar sean daoine ós cionn seachtmhó bliana. Ta Gaedlig aca agus is feidir leotha scéalta d'innsint i nGaedlig agus i mBéarla. Seo iad na daoine sin-- Dómhnall Breathnach, Seán Ó Dubháin; Eamon Ó Fínn; agus Maire Ní Ruairc. Sé an seoladh atá aca ná --Tír, Breandán, Caislean Uí Ghriaire , Ciarraighe. Tá dhá fothrach i dTír agus siad na hainmneacha atá ortha ná "Fothrach Padruig" agus "Fothrach Dhomhnaillín. Ba ghnathach le na lán daoine dul go h-America fadó ó'n mbaile seo. Do luadhadh ainm na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Albert Breathnach
- Inscne
- Fireann