Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d’fhiafraig sí de an tarna h-uair a’ bpósfadh sé í, agus dbhairs sé arís ná pósfadh. Tháinig toth feirge uirthi arís, agus do cheangal sí ias ar feadh trí lá is trí n-oiche eile den sneachta ‘s den sioc.
Do tharraig a dhaoine mhuinnteartha den Rí, gur b’fhearra dho í pósadh, nó go gcuirfeadh sí iad go léir chun báis sa sneachta agus sa sioc.
Thug sé asil dóibh, agus i gcionn an sémhadh lae, tháinig sí chuige arís. D’fhiarr sí air arís an bpósadh sé í, agus dúbhairt sé go bpósadh.
Do chasatar abhaile annsan, agus phreab sí anáirse ar chapall an Rí- ar a chúlaibh.
“Feich timpeall ort féin anois” ar sise. “Is leat an méid a chiseann tú ó’s do chomhair, idir dhaoine, talamh, sioc, ‘s stoc, ‘s sneachta”.
“Is Cuma liom aon níth mar gheall air” a dúbhair sé go brónach mí-chéastar.
“Feich ar dhiadh arís,” ar sise.
D’féich sé na dhiadh, ach is amhlaidh a leath a dhá shúil air nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Bheag Ní Dhéada
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig d' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí