Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caisleán Griaire ainm an baile 'na bhfuil cómhnuidhe orm. Tá sí suidhte i bparóiste Cill Eidhne, i gCorca Dhuibhne. Tá tuairm is naochadh tighthe sa bhaile fé láthair ach nílim cinnte cé mhéid tighthe a bhí ann i n-allóid. Slinn atá ar an bhfurmhór.Sé an fáth gur baisteadh an ainm sin ar an áit, ná, gur chuir fear darbh ainm Griaire de Hóra, caisleán mór ar bun ann, na céadta bliain agus na fichidí glún ó shoin. Ag dul tríd an bhaile do shaighdiúirí Cromail, leagadar an caisleán. Nuair a fuair Griaire bás, tugadh Caisleán Griaire ar an áit. Mac Gearailt an sloinneadh is coitcheanta atá san gceanntar.Aon duine déag atá ós cionn seachtmhó bliain. Is féidir le cuid aca an Ghaedhluinn a labhairt agus is féidir leó seana-sgéalta d'innisint. Níl a lán sean-fhothrach tighe san áit. Ba ghnáthac le na lán daoine dul go h-America as an gceanntar go dtí tímcheall le deich mbliadhna ó shoin ach ní féidir leo dul anois.Níor luadhadh ainm na h-áite in-aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Uí Cheinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí