Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 019](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0430%2FCBES_0430_019.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 019
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Murdhuach a thugann muintear na h-áite uirthe. Leath-iasc agus leath-bhean iseadh í. Níl fhios agam an dtagann sí aníos ar na caraigeacha istoidhche agus nír fhéadas a dhéanamh amach cad a bhíonn ar siubhal aice.
Bíonn brat uirthe. Bhí fear in-a chomhnuidhe ins na Macairí uair amháin, agus chuaidh sé go dtí an tráigh. Chonnaic sé Murdhuach 'n-a shuide ar carraig agus dhruid sé suas fé 'na déin agus do rug sé ar a brat. Thug sé an brat abhaile leis agus chuaidh an Murdhuach 'na dhiaidh. Chuir se an brat i bhfolach agus bhí uirthe é do phósadh.
Bhí ceathrar de chlainn aca. Lá amháin bhí an fear ag cuardach i gcóir rud éigin agus fuair sé an brat. Do shnaip an Murdhuach an brat as a láimh agus do chíor sí gruaid na clainne, agus do nigh sí a n-aghaidhthe agus annsan, d'imthigh sí léi. Bhí an fear ana-bhrónach i n-a diaidh. Tá a sinnsear ins na Macairí fós agus tá lapa ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Locha Thuaidh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Cathaláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Locha Thuaidh, Co. Chiarraí