Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)

Suíomh:
An Baile Dubh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Glas Gaibhneach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Glas Galibhneach
    Glas Gaibhneach a bhí mar ainm ar bhó i nDuibhneach fadó. Deiretear nár ithead sí aon ghreim ach ar thalamh go mbíodh míanach maith ann. D’ith sí greim i mBaile na h-abhann ar thalamh na gearalthach i ngort go glaodhtar Cró na hOla air. Níór ith sí aon ghreim annsan go gcúaidh sí ar dhrom an Baile Bhric. Siubhalaigh sí léithe ansan. Chrúaidh sí i féin ar an gCill. Crúaidh í féin sa gcana cloiche agus scág sí an bainne i gceiléir cloiche.
    D’imthig sí annsan agus níor ith sí aon ghreim go gcúaidh sí go dtí an Tochtar na Clúainte agus Uachtar na gCaorach. Do thug Glas Aibhneach turus ar an nDrom leis agus tóg sí cúpla greim féir ann. Ta dhá gallán anaice le céile ann agus dá n-imthigheadh sí tríd an dhá gallán feacaint an raibh a bolg lán is má mbeadh go raghad sí go dtí an fhairige arís. An fear is caoile san áit beadh dúadh air dul tríd. Tugadh sí bainne do gach aoinne a raghadh á crú is líonadh sí an t-árthach do gach duine.
    Ach dúbhairt bean lá go mbearfhadh sí féin árthach léi na líonad sí go deo árthach gan tón do b’eadh é.
    Núair a chonnaic an bó an bainne ag imtheacht le fánaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Fhlatharta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír Bhroin, Co. Chiarraí