Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 302
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirtear go bhfuil saidhbhreas in áit éigin ar an gcnoc atá againne.
Is minic a chuala an sgéal a bhaineann leis.
Is mar seo atá sé ag gach aoinne inár mbaile fearann féin.
Do chomhnuig fear i dtigín beag suarach ar an gcnoc úd.
Do théigheadh sé mór thímpeall na h-áite ag iarraidh déirce mar ní raibh puinn aige in aon chor.
Gach píosa airgid a fuar sé pecu beag nó mór é, do chuir isteach n-a phota é agus do chuir i bhfolach é an fhaid is a bhíodh se amuigh.
Is gearr go raibh an pota lán d'airgead bán aighe.
Aon oidhche amháin do tháinig robálaidhthe chuige chun an t-airgead a ghoid, ach ní bhfuaireadar é thíos ná thuas.
Do bhí fhios ag an bhfear gur tháinig na robálaidhthe ach nuair d'eirigh sé maidin lá'r na bháireach fuair sé sluasad agus do chuir sé an pota airgead i bhfolach, bhí sin go maith.
Thuit taom breoidhteachta air agus do bhí fhios aige féin go raibh sé críochnuighthe leis an saoghal seo.
Nuair d'fhiafruig na daoine dho cá raibh an t-airgead aige do bhagair sé ar threó chlaidhe a bhí ar an dtaobh thuaidh de tig.
Tá an claidhe a bhí ceadhna ann fós ach ní bhfuair aoinne an t-airgead. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Gobnait Ní Chonnchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Connchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí