Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 311
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Sé an ainm atá ar mo bhaile fearann ná Slinn. Fuari sé a ainm ó choiréal slinne atá i gcoill bheag atá san áit.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Peile do b’eadh Cnocán a’Rae sa tsean aimsir.
Deirtear leis gur minic a throid na fathaigh eadtarra fein annso agus is dócha b’é ceann acu a fuair bás ann. Is minic d’innis mo shean-athair an scéal so dúinne:- Oidhche amháin bhí mo shean-athair ag teacht abhaile, agus bhí sé ag gabháil tré’n Sliabh seo (Cnocán a’Raé) agus chonnaic sé na sidheoga ag imirt iomanuidheachta, agus do thógadar a hata dhe. Dubhairt sé leo ‘comán a thabhairt dó’ agus go mbeadh sé ag imirt leo da dtabharaidís a hata thar n-ais do. Nior thugadar an comán dó i n-aon chor, ach is amhlaidh a chuireadar i n-a sheasamh ag béal báire é ag tabhairt aire dhó, agus choiméadar ann é ar feadh dhá uair in a dhiadh san.
Chuadar as a radhairc annsan agus d’imthigh se abhaile. Ní bhfuair sé a h-ata go dtí lar na bháireach
Síle ní Dhuigín,
Slinn. Cill OrglanDiarmuid a’Phúca go raibh adhairce agus crúba air
Meigeall mór clúimh air ar nós an phocáin
N’fheacaidh a chómharsa riamh stoca ná bróg air,
Ach peidhre breagh lóipiní is iad ag slapáil.
(Síle ní Dhuigín)- Bailitheoir
- Síle Ní Dhuigín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Duigín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí