Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 318
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tráth do chomhnuig fear agus bean i leath-fhearran agus bhíodar pósta le na chéile.”
1. Ainm an duine a bhfuaras an t-eolas uaidh: Mícheál Ó Duigín.
2. A Sheoladh: Leath-Fearann, Cill Orglan, Ciarraidhe.
3. A Aois: - 49 bl..
4. A ghairm-bheatha:- Conghantóir i siopa.
5. Áit in a tógadh é agus cár chaith sé a shaoghal: Leath-Fearann.
6. Ainm an duine ó'r chuala seisean an sgéal:- Mícheál Ó Duigín.
7. Cé mhéid bliadhan ó shoin:- 35 bl.
8. Aois an duine eile fá'n tráth sin:- 80 bl.
9. An áit a raibh an duine eile sin in'a chomhnuidhe:- Leath-Fhearann.
10. An dáta ar a sgríobhadh an sgéal san leabhar seo:- 13/12/'37.Tráth do chomhnuig fear agus bean i Leath-Fhearran agus bhíodar pósta le na chéile. Bhí aon mhac amháin aca agus sé an ainm a bhí air ná Gearóid Ó Murchadha. Bhí sé bliadhan is fiche sa chlíabhán, agus annsan d'éirigh sé as lá amháin. Bhí sé istigh in a aonar nuair d'éirigh sé. Tháinig a mháthair isteach agus sé an chéad rud a dhein sí ná an clíabháin do chur i bhfolach.
D'fhás sé suas agus lá amháin bhí sé 'na sheasamh ar an mhargadh. Tháinig feirmeóir chuige agus do thóg sé é mar buachaill aimsire.
D'itheadh sé taobh muice, cloch is fiche prátaí i gcóir a dhinnéir, agus trí cístí aráin agus timcheall galún té i gcóir a shúipéir agus an méid chéadhna i gcóir a bhreicfeasta.
Pé saghas oibre a tugtí dhó bhéadh sé déanta um tráthnóna aige. Lá amháin dubhairt a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhuigín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leathfhearann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Duigín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Cúntóir siopa (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Leathfhearann, Co. Chiarraí