Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 326
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Chomhnuig bean agus a clann fé bhun sléibhe uair. Áit ana uaigneach a b'eadh é agus bhí sé ibhfad ó aon bhaile.”
Chomhnuig bean agus a clann fé bhun sléibhe uair. Áit ana uaigneach a b'eadh é agus bhí sé ibhfad ó aon bhaile. Is annamh a tháinig aon stranséar ann agus ní raibh sé de ghnáth ag na daoine a mhair ann dul in aon áit ach chomh beag.
Chaitheadar an urmhór dá shaoghal sa bhaile agus mar sin bhí a lán rudaí a bhí comónta in aiteanna eile de'n tír ná feachadar.
Do thárla gur thuit fear a' tighe breóidhte agus bhí ortha an sagart a tabhairt chuige. Chuaidh an bhean go dtí an tigh ba ghiorra dhóibh agus chuaidh duine eigin go dtí an bhaile ag iarraidh an t-sagairt.
Bhí an lá ag báisteach agus thug an sagart a scáth-fearthainne leis. D'fhág sé é ar oscailt taobh amuigh de'n doras agus súid leis isteach sa tig agus thosnuig sé an Ola Dhéanach do chur ar an bhfear bhreóidhthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní hEachthegeirn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál de hÓr
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí