Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 371
- XML “Leigheasanna - Tinneas Fiacaile”
- XML “Leigheasanna - Slaghdán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rósta istigh ann mór-tímcheall do leacain. Athraigh gach cúpla uair é.
4. Nighe é le sugh go minic.
5. Dogadh biorán cnocála agus cuir isteach id'fhiacal é.
6. Faig clúdach orghinn nó corcháir cuir ar an dteine é agus fág mar sin é go dtí go mbeadh sé te. Ba cheart do'n duine dul isteach sa leabaidh agus an clúdach d'fágáilt agus píosa eadaigh olra a cuir mór-thimcheall air agus é cur suas leis an áit in a bhfuil an pian. - Slaghdán
1. Dein cairrigín glóthac. Cuir an carraigín ar bogadh in uisge fuar. Beirbhig i mbainne í go dtí go mbeidh sí tiugh. Sgag agus cuir siúcre air. Ith é nuair a bheidh sí fuar.
2. Tóg cupán bainne te go bhfuil piobar air agus teighir a codladh.
3. Do chosa d'ionnluig in uisce an-the.
4. Téighir amach sa móin-féir agus bailigh seamróg, tóg isteach agus righ í. Cuir sa corcán í agus cuir ar an dteine í in uisce beirbuighthe. Taraing gé mar a deintear le tae. Sgag agus cuir i mbuideal í. Cuir isteach maide(leanann ar an chéad leathanach eile)