Scoil: Dubhghlas (C.) (uimhir rolla 12876)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 103
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)madra uisge.
Tá an lucfhéir le fághail go flúirseach mór thímpeall na h-áite ins na páirceannaibh. 'Sé an saghas ainmhidhe an lucfhéir ná luc beag go bhfuil rud ar nós cairp (trunk) amac as a bhéal. Deireann na sean-daoine da léimeadh an luc seo suas idh aghaidh go mbainfeadh sé na súile amach asat.
Tá giarrfaidh le fághail ins na gleannta agus ar na sleibhte mór thímpeal Cíll-Áirne. Téigheann cuid de's na daoine mór thímpeall ag fiadhach chun iad d'fhághailt mar feóil ana mhaith is eadh fiadh - fheóil. Cúpla bliadhain ó shoin chonnaic daoine i leath - fhearran giarrfhiadh liath ag gabhail mór thímpeall na h-áite. Do dheineadar íarrachth ar é do mharbhú ach níor eirigh leó aon bobhta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Máire ní Dhuigín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Duigín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí