School: Na Corráin (roll number 9938/9)

Location:
Na Coirríní, Co. Chiarraí
Teacher:
Cormac Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Corráin
  2. XML Page 154
  3. XML “Smachtú na Mná Boirbe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seana fhocal é, agus is fado, fado do ráidhte, "Go smachtuigeann gac aoinne an bhean bhorb acht an té go mbionn sí aige." Is annamh a sháruightear an seanafhocal, adeirtear, mara shárófí le sean-fhocal eile é, ach bhí fear amháin ann uair is do sháruig sé an sean-fhocal so, pé'r sa domhan scéal é, agus anois, a lucht éisteachta ar eagla go dtárlóchadh d'aoinne díbh-se, nár leagaidh Dia go dtárlóchadh, bheith i gcás an fhir seo scaoilim cugaibh an scéal fé mar a chuala féin é, agus má réidhtigheann sé libh mar sheift níl a bhac oraibh triall a bhaint aisti.
    Feirmeóir mór-thábhachtach a bhí ann uair, go raibh muirgheal mhór ingean air, seisear nó mór-sheisear éigin, nó bféidir níos a' mhó. Cailíní maithe, ciallmhara, grástamhla, críochnamhla do beadh an seisear ba shine achu, ach níor mhar sin don té ab óige. Bramallóg mhí-reáireach, cheanndána do beadh í, go raibh an saoghal agus a muinntir féin tuirseach corrtha dhi. 's ná féadfadh an tuatha-dé-danann, ná an dá mhac Uilliam, na Árístotle féin cé gur mór le rádh é, aon cheart a bhaint di. Bhí a h-athair 's a driféaracha fe gad is fé smacht aici, is na comharsain cómh maith leó. Nuair d'eirigheadh uirthi, níor bhfearrde an tig nó an baile an clampar agus an t-achrann a tarraigeadh sí orta 's ná leomhfadh eagla d'aoinne cosg ná stop a chur lei, ná aon cuir's'teach a chur uirri ach cómh beag.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0901: Taming of the Shrew
    Language
    Irish
    Collector
    Cormac Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Na Coirríní, Co. Chiarraí
    Informant
    Eibhlín Uí Chonchobhair
    Gender
    Female
    Age
    c. 30
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí