Scoil: Anabla

Suíomh:
Áth na Bláiche, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anabla
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Tomhaiseanna Gaeilge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do chuaidh me suas an bóithrín, síos an bóithrín agus do thug mé an bóithrín ar mo druim liom.
    Dréimire.
    Cómh h-árd le falla,
    Cómh bán le bainne,
    Cómh dearh le fuil,
    Cómh milis le mil.
    An t-ubhall
    Trí cosa in áirde agus dha chois ar thalamh agus ceann an duine bheó i mbéal an duine mhairbh.
    Corcán ar cheann duinne
    Ceathar ag rith, ceathhrar ag crith, beuirt ag déanamh eolais agus fear an ghioblacháin ag rith na ndiaidh,
    An bhó.
    Rud beag a bhí ag fás ar chrann, chonnaic beirt é, thóg cúigear é, chogain dáréag é agus do leis aoinne amháin síar é . Ubhall/
    Bean fhada uasal ag sguabadh an chaisleáin, gan chraobh, gan chuaille, gan sguab gan scothán. An ghaoth.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge