Scoil: Anabla

Suíomh:
Áth na Bláiche, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anabla
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Reilig Cille Cuimín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bun ann. Nuair a tógadh ann í do bailigheadh clocha móra agus do deineadh fallaí na mainistreach leo. Bhí moirtéal ana-mhaith ag an saor agus indiu tar éis naoi gcéad bliadhain tá sé chómh cruaidh le stroighin agus ní féidir, gan duadh, blúire dhe do stracadh ó na clochaibh.
    Do réir cómhartha bhí proinn in aice na mainistreach ach tá sí in a fothrach anois agus uaigeanna na lár. Tá cómharthaí leis go raibh tighthe suana ann.
    An sean-mhainistir féin tá sí timcheall seasga troighthe ar fhaid agus fiche ceathair troighthe ar leithead. Tá dhá dhoras le feisgint agus fuinneoga cumhangha ar na fallaibh. Ar an mbeann thoir tá fuinneog aon throigh deug ar aoirde agus troigh ar leithead. Do leag saighdiúirí "Cromwell" an mhainistir seo sa bhliadhain míle sé céad dathad naoi le gunnaí móra agus níor fágadh aon rian dá bheann thíar. Insan reilg seo tá radharcanna deasa le feisgint. Tá sásamh aigne ag na daoine go mbeidh an t-adh acu le bheith curtha innti.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge