Scoil: Clochar na Trócaire (uimhir rolla 13381)
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Aodán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul i dtaobh Cill-ÁirneBhí duine uasal i gCill-Áirne breis is ceithre fichid bliáin ó shoin, agus dhein sé long breágh dó féin cun bheith ag bádóireacht ar Loch Léin. Ba mhór an iongnadh le daoine na h-áite an long so agus ní mór ná gur chuaidh gach aoinne dá raibh sa ceanntar ‘á fheiscint. Lá breágh amháin go raibh Dómhnall “Crón” Ó Súilleabháin sa t-sráid. Bhuail sé síos go bruach an locha ag féachaint ar an luing. Cómh luath is chonnaic an duine uasal Domhnaill ‘na stracaire bocht ar an slip do dhíbir sé as an áit é.
Bhailig Domhnall bocht leis agus fearg ‘na chroidhe. Nuair a bhí sé tamall uaidh ghlaoidh sé ar Domhnall na Géimleach an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Donncadha
- Inscne
- Fireann