Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dúthaigh céadna na rugadh Eoghan Ruadh timcheall trí fichid bliadhan níos deannaighe, bé Aodhagán an duine ba shine de’n sgoil núa bhFilibh Muimhneacha – lucht na n-amhrán. B’é Ruadh an duine dobh óige díobh. Sompla de’n bhfás a bhí fé’n “Sgoil” iseadh filidheacht Aodhagán. Sompla de’n meathlú a ráinig dí iseadh filidheacht Eoghain Ruaidh. Níor mhisde “athair” na sgoile do thabhairt ar Aodhagán Ó Rathaille.
Do bhain sé triail as meadarachtaibh núa a bhí níos cosamhla le rithim fíor-amhrán na saothar na bhFilí. Thug sé binneas agus céolmhaireacht núa isteach san amhrán ná raibh le fagháil in amhránaibh an t-seachtmhadh aois déag. Is gnáthach le lucht tuaithe sgéalta dá leithéid d’innsint mar gheall ar aon duine mór-clú tar éis a bháis. Is fullas ó n-a chuid filidheachta nach éin réice fáin ná áiltheoir díomhaoin a bhí ann ach fear stumdha maordha. Timcheall na blíadhna 1728 do cailleadh é. D’á fheabhas d’fhile é, níor fhág sé éan raidhse fír-filidheachta ‘na dhiaidh. Caithfear admháil gur cheap sé roinnt de chaoinnte fada, ar an sean-nós, a chuirfidh tuirse ar éin léightheoir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Mínteoga, Co. Chiarraí