School: Ráithín (B.) (roll number 9304)
- Location:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Teacher: Diarmuid Ua Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (B.)
- XML Page 405
- XML “Cearbhall Ó Dálaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cearúl Ó Dálaigh
Bhí Cearúl Ó Dálaigh ag pósadh uair amháin annso i nGleann Fleisge agus má bhí ní raibh fhios ag aoinne san gcuideachtain go raibh sé ann mar ní fhuair sé aon chuireadh ann agsu is idteannta na mbacach a bhí sé. Fear an-ghrádhna ar fad do b’eadh é agus ní bhíodh mar éadaigh riamh air ach balcaisí strachaighthe. Ach bhí ball-searc aige agus do leanfadh na mná go léir é nuair a chífidís é sin.
Bhí san go maith. Bhí Cearúl isteach is amach idteannta na mBacach eile agus bhéarsái áiféiseacha ar siubhal aige. Do leig sé air bheith ‘na amadán. Da deire do ghlaoidh an brídeógach ar dhuine éigin agus d’fhiafruigh sí dhe “Cé’rbh é an bacach mór grána san?" D’airigh Cearúl é agus d’fhreagair sé mar seo é:-
“Ní bhfearrde dhuit bheith chomh breágh is éan thú chun mná do mhealladh
Ná bheith grána mar atáim-se agus lúth im chois” Agus do nochtuigh sé an ball searc agus do chonnaic an bhean óg é agus d’éaluig sí leis.Ainm an duine ó’n a bhfuaireas an scéal uaidh:- Seán Ó Conaill
A Sheoladh – Beárna, Gleann Fleisge – Cill Áirne
A Aois - 76 bl.
A ghairm-bheatha – Feirmeóireacht.- Informant
- Seán Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí