Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 097
- XML “Stewardeen”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Stewardeen
Bhí fear ‘na chomhnuidhe in áit éigin in aice le teora na gConndae fadó agus maor de shaghas éigin a bhí ann-is cosamhail –pé ainm eile a bhí air mar b’é a leas ainm a bhí air na “Stewardeen.” Chomhnuigh sé i dtigín beag ar thaobh an chnuic agus ní raibh ‘na theannta aige ach gadhairín. Théigheadh an madaraín in ngach áit leis agus an Domhnach so ac go h-áirithe lean sé “Stewardeen” ” nuair a bhí sé ag dul ag dul ar Aifreann, gídh gur dhein sé a dhícheall é do bhagairt abhaile ach ní raibh aon mhaith dho ann.
Bhí san go maith agus nuair chuaidh “Stewardeen” isteach san t-séipéil chuaidh Dúicín ( an gadhairín) isteach ina theannta.
Tháinig an Sagart amach ar an áltóir agus do chonnaic sé Dúicín síos uaidh. D’órduig sé do’n té gur leis é do chur (amach) lasmuigh de’n doras ach in aimhdheoin gach ní a dhéanfadh Stewardeen ní raghadh “Dúicín” amach dó. T’réis tamaillín chonnaic an sagart go raibh an gadharín istigh fós agus tháinig fearg mór air, agus tháing sé anuas ón áltóir. Bheir sé greim ar an maidirín bocht agus bhuail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ceinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Uí Shíocháin, Co. Chiarraí