School: Cnoc na Bró

Location:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Teacher:
Mícheál Ó Scannaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 551

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 551

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Bró
  2. XML Page 551
  3. XML “Nár Leogadh Dia Aon Fheoil Dhíobhálach chugainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    íarracht san d’fhan miana na feóla i gcómhnuidhe aige agus minnic a moideaghadh sé in aigne féin dá mbeadh sé náraithe leis an anam a cailleamhaint leis go bheadh alnairthe aige ar a moltachán. Fear mór siúbhlóid oidhche é is bothántaidheachta agus is annamh an oidhche go mbeadh sé I dtighthibh na gcomhursan agus bíodh an úain mo-tráitheamhail go maith aige agus d’fhanfhadh an bhean bhocht súas ag feitheamh leis agus is baoghlach liom-sa nác aon an-guidhe an gheibheadh sé tar éis dul abhaile.
    Bhí sé mí-tráithúil go maith ag teach abhaile dó oidhche. Bhí sé déanamh amach ar a dó úair déag nuair a rith réidhteac ceiste an moltachán do preibh. “Seo suid orm” ar seisean “go bhfuil réidhteac na ceiste agam agus beidh an-bruit agum amáireac mar a lá fós é. Bhí sé i ngiorracht da ramain den tig an am seo. Dimtig sé ar a bhairricinní gur tháinig sé go bun an tsimné. Tigín íseal a beadh é ar taobh bhóthar níorbh aon duadh do aoinne dul ar a barra.
    Do shleamhnuigh de anuas a bróga agus d’éaluig sé anáirde go dtí an tsimné. Do sháidh sé síos a ceann i bpoll an deataigh. Do labhair sé uaidh síos i nguth trioblóideadch uaigneach. “A Mháire Caoimh, a bhfuil tú istig.” Dubhairt an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish