School: Faithche (B.) (roll number 11405)
- Location:
- An Fhaiche Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Faithche (B.)
- XML Page 009
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín óg dathamhail na comhnuidhe i mbaile beag ar bruach na fairrge thiar annso. Sar a raibh sí aon bhliadhain déag d'aois cailleadh a munntir - slán beó mar n-innstear é agus eachtra an droch-sgeil i bhfad uainn.
Is amhlaidh a báthadh a h-athair agus cailleadh an mháthair láitheach na dhiaidh san de dheascaibh bróin is uaignis i ndiaidh a céile caoin. Níor fagadh de speilp an t-saoghail ar an gcailín ach dhá ghabhar agus uail chearc.
Ach ní raibh aon fhear óg na aosta dar luigh súil uirthi nar thug searc is síor-ghrádh dhí. Bhí bath na dúthaighe ar éadtromacht 'na diaidh. Rud ba mhór - mheasa na san féin ní h-aoinne amháin de'n muinntir a chuir sí dí, agus gur thug sí drom- láimhe bó, a thug droc íde air féin luath na mall. Ní mór na raibh an dúthaigh 'na chogadh craorach bna toisc.
Ach phós sí iascaire óg sgaránta leathan - láidir ar aois a cúig déag dí. Aodh ab ainm do'n bfhear. Ní rabhadar an bhliadhain iomlán pósta agus iss 'na leabhaidh luige séoil, nuair tháinig stoirm, oidhche agus báthadh a fear. Rugadh mac dí sé agus baisteadh Aodh air i ndiaidh a athar.
Ní raibh a mhac ach bliadhain go leith nuair fuadaigheadh é - bhí an bhainntreabhach bhocht annsan gan "Murcha gan Mhaonas", agus d'imthigh sí roimpí. Stad na staonadh níor dhein sí go dtainig sí go bruach locha i gcomhar sléibhe in aice Cille Aírne.
Thóg sí bothán beag suarach dí féin ar bhruach an locha agus gach aon fhear riamh a tháinig an creó thuit sé agus ngradh leí. Lá amháin, thainig mór -shluagh d'uaisle Sasana(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chathain
- Gender
- Female
- Address
- Lios Póil, Co. Chiarraí