Scoil: Faithche (B.) (uimhir rolla 11405)

Suíomh:
An Fhaiche Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Faithche (B.)
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Aguisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) Máthair a' caoineadh a mic a bhí pósra ag droch -mhnaoi
    "Mo chroidhe she is mo anam
    Tá rian na droch-mná ar do bacain
    Easbadh bídh agus cóiriú na leabhthan
    Ochón í Ochón
    (2) Is maith leis an bean dealbh an bhláthach. Is fuiriste an duine bocht do shásamh
    (3) Sé as a cún an chiotail ar an gcorcán é. = Beirt ag argóint agus duine acu cómh h-olc bis an duine eile.
    (4) Duine ocrach a fuair cuireadh ó bhean-a-tighe am bídh, ar nos muinntir na tuatha do bog sé air go raibh sé t'réis a dhinnéir do chaitheamh agus san am céadna, é lag traochta lleis an ocras. Cuireadh eile ní bhfuair sé. Nuair chuaidh sé amach ar an mbóthar buail tinncéir gioblach eile air. "Táir ag féachaint go lúbach laidir" ar seisean, "is dócha go bfuairis béile maith"
    "In ainm an dhiabhail" ar seisean go dubhrónach
    "Ní raibh ach aon tathaint amháin aici".
    5. Aithnightear duine 'na dhéirc
    6. Is suarach an mhaith an mhaith a maoidhtear.
    7. Ní h-é an dorn dúnta é ach an lámh iadta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge