Scoil: Drom Loiste (uimhir rolla 5113)
- Suíomh:
- Droim Loiscthe, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drom Loiste
- XML Leathanach 003
- XML “Caisleán Mannan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ariamh an ór do tharraingt amach le greim do thabhairt ar an slabhra.
Fuair an fear ag a raibh an áit, na capaill bhána, ach ar teacht chuig sruthán beag, tháinig eagla ar cheann de'n na capaill, chun an dheachracht sin do shárú, sé an rud a dhein duine de'n na giollaibh na léim ar dhroim an chapaill agus dul ar mharcuigheacht thar an sruthán, ag briseadh san gcuma sin ceann de's na bun riaghlacha a bhí ag baint leis an geallamhaint. Ní raibh fhios ag an mhaighistir gur thárla an rud sinagus nuair a ghléas siad na capaill taréis a lán duaidha agus oibre d'éirigh leo an pota óir do tharraingt comh fada le bárr an locha, acht ag an phoinnte sin bhris an slabhra agus thuit an pota óir go dtí an bun arís. Níorbh foláir an t-uisge a tharrangt amach as an loch ar fad chun teacht ar an ór annsin. Thug duine eile faoi sin do dhéanamh ach do rith an t-uisge comh mór sin gur líón sé gach poll is gleann bhí thart timpeall agus b'éigin do'n duine é a thabhairt suas agus do rith an t-uisge thart timcheall a thighe féin agus bhí an teach mar saghas oileáin agus ag an am céadna níor taosgadh an loch. Thug fear eile faoi'n loch do thaosgadh iar sin agus bhí an obair beagnach críochnuighthe aige ach chonnaiceadh fear ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Dubhtaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún Drocáin, Co. Mhuineacháin