Scoil: Snaidhm (B.) (uimhir rolla 8251)

Suíomh:
An tSnaidhm, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Snaidhm (B.)
  2. XML Leathanach 002
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Tamall roimh theacht Cromail go h-Éirinn bhí fear gurab ainm dó Séamus mar thaoiseach ar na Súilleabhánaig.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    chéile aige. Bhí mac an-óg ag Séamus agus gan dabht marbhóchadh Antoin é dá bhfaghadh sé é acht do shábháil a bhanaltra é. Do chlúduig sí le plainncéad é agus cheangail sí deire an plainncéid do rud éigin taobh amuigh de'n bhfuinneóig. Mar seo bhí an leanbh ag crochadh fán bhfalla agus ní raibh a úncal i dán é d'fhagháil. D'eirigh léi ealód ó'n gcaisleán leis an leanbh agus níor chuir sí fútha go dtí gur shrois sí Daingean Uí Chúise. Chuaidh na blíadhanta thart agus bhí an leanbh in a fhear. D'eirigh leis an bhanaltrain oideachas maith a thabhairt dó agus cheap seisean gurab í an banaltra a mháthair. Acht níor coimeádadh an scéal fé rún agus bhíodh a chomrádaig ag magadh fé á rádh narbh í siúd a mháthair in aon chor.
    Lá amháin tháinig sé abhaile, tharraing sé a chlaidheamh agus dubhairt sé leis an mbanaltrain go marbhóchadh sé í muna n-innseochadh sí an fírinne dó agus nocht sí an scéal go léir dó. Bhí sé an-oilte leis an gclaidheamh ó bheith ag síor-chleachtadh agus do shocruig sé go mbainfheadh sé díoghaltas as an úncail.
    lá'r na bhárach thug sé a aghaidh ar Drom Mór agus an oidhche sin do tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Cromail (~315)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)