Scoil: Snaidhm (B.) (uimhir rolla 8251)
- Suíomh:
- An tSnaidhm, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Snaidhm (B.)
- XML Leathanach 004
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tamall roimh theacht Cromail go h-Éirinn bhí fear gurab ainm dó Séamus mar thaoiseach ar na Súilleabhánaig.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an fhir mhairbh agus thug sé an ceann leis ag triall ar na macaibh. Bhuail sé le gach duine aca in a aonar agus mharbh sé an triúr. Tá áiteacha fós idir Droichead na Dóinne agus Drom Mór agus tugtar ortha Áit mharbhuighthe Taidhg agus Sealán Mharbhuighthe Dhómhnaill. Annso a marbhuigheadh beirt den triúr.
Nuair a bhíodar go léir marbh bhain sé na cínn díobh agus chuir sé gad tré na leicne agus thóg sé go dtí a mháthair iad agus d'fhiafruig sé dhí an raibh brón uirthi. "Tá brón orm " ar sise "mar geall ar bhás mo clann mhac acht níl aon trúagh agam don sean-cheann." "Is maith é sin " arsa'n mac "mar dá mba rud é go raibh truagh agat dó mharbhóchainn tú." Do chuir sé faoi i nDrom Mór agus 'sé a ruagadh as an áit ag lucht leanamhna Cromail.- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)