Scoil: Fearann Iarthach (uimhir rolla 14183)
- Suíomh:
- An Fearann Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearann Iarthach
- XML Leathanach 384
- XML “Piseog Ime”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh bean a tighe amach ag obair di féinig agus bhí an bainne sa mheidir chun ime a dhéanamh is dócha.
Tháinig bean des na cómharsain isteach annsan agus bheir sí spréidhe theine amach chun a tig féin. Bhí mac do bhean a tíghe istig annsan, agus nuair a bheir sí sin an sméanóid amach, chaith sé sin sméanóid eile isteach sa tubán go raibh a bainne ann. Tháinig sí dhá uair, trí uaire, agus dhéin sí an rud céadhna. Do dhein sé sin an cleas céadhna na trí uaire.
Nuair a tháinig bean-a tíghe annsan chun na cuiginne a dhéanamh n'fhéadfhadh sí aon ruaithne ime d'fhágailt ar a' mbainne dá mbéadh sí ó shoin ag gabháilt do. Dúbhairt a' mac léi féachaint sa tubán. Bhí an t-ím 'na trí rollaí istig sa tubán.- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Ghealbháin
- Inscne
- Baineann