Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)
- Suíomh:
- Na Braighde, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire C. Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Braighde
- XML Leathanach 241
- XML “Pádraig Ua Dalaigh”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'oscail sé an geata agus do leig sé isteach é gan mhoill é féin agus na seacht gcéad peacaoidí a rug sé ó Iffrin.
(gan teideal)
“Do bhí fear ina cómhnuidhe i gCathar Sómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill...”
Do bhí fear ina chómhnuidhe i gCathar Dómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill. Mícheál Ó Séaghdha an ainm a bhí air. Feirm beag abhí aige agus ní raibh sé ró=shaidhbhear. Do bhí parson san áit agus do béigin do gach aoinne chíos a dhíol dó cun é féin agus an teampuil Protustúna do coimeád suas. Do bhí fear ag bailiú an cíosa dó. Lá áirighthe bhuail sé isteach do Micheal Ó Séaghdha chun an cíos d'fhághail acht in ionad an cíosa is é rud a thug Mícheál do ná bataráil maith. Níor fhág sé acht an t-anam ann. Cúpla lá i na dhiaidh sin cé bhuail isteach le Micheál acht an báille le barántas mar gheall ar an éagcóir a déin sé. Tháinig árdeagla ar Mhícheal ansan mar bhí fhios aige go raibh an dlige ina coinnibh. Dimthig sé go Dómhnaill Ó Connaill chun chomhairle d'fhághail. Do bhí Donaill ag pléa cúíseanna dlighe ós cómhair an breithimh san am san . Dubhairt Domhnall le Mícheal go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Braighde, Co. Chiarraí