Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)
- Suíomh:
- Na Braighde, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire C. Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Braighde
- XML Leathanach 242
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí fear ina cómhnuidhe i gCathar Sómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill...”
(ar lean ón leathanach roimhe)gcrochfaidhe e mar gheall ar sin. Bhí Dómhnall ag mactnamh ansan agus do cheap sé at plean. Dubhairt se le Micheál go mbeadh na Ceathrú-Són i dTraighlí an seachtmhain abhí chauacha agus is ann a bheadh sé tríaltha. Dubhairt sé leis go mbeadh cúirt i Neidín an lá roimh Tráighlí agus gurbh é an slíghe a tógfar é féin agus an breitheamh go Tráighlí ná siar go Cathair Domhnall agus as san go Tráigli. "Agus anois" ar seisean. "nuair a raghair abhaile buail breóite agus an lá a bheidh mé féin agus an breitheamh ag gabháil an bóthair leig ort bheith marbh". Dimthig Mícheál abhaile agus bhuail sé breóite. Chuir a bhean fios ar an dochtúir agus fios ar an sagart. Dubhairt an dochtúir go raibh galar úabhásach air agus gan aoinne leigint isteach san seómra. An lá abhí ceaptha fuar Mícheál bás an maidean sin. Do nígheadar e is do thónacadar é ansan agus do chromadar ar a chaoineadh mar dheadh. Bhailigh na cómharsan agus bhí tórramh air. Tháinig Dómhnaill Ó Connaill agus an breitheamh i gcóiste agus do connacadar na daoine agus dimthigheadar isteach agus guidheadar ar san anama. An tráthnóna sin bhí sé chun bheith curtha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Braighde, Co. Chiarraí