Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)
- Suíomh:
- Na Braighde, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire C. Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Braighde
- XML Leathanach 269
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Glaodhtar Cnocán Aitin ar áit san feirm atá againn. Tá lios istig i lár ar áit seo agus tá a lán sgeulta greanmhara mar geall ar an áit. Do bhí sean fhear 'na chómhnuidhe cúpla míle on áit agus thagfadh sé alán oidhche chun cómhrádh le mo shean-áthair.
Oidhche nuar abhí sé á fillead abhaile (nór) do connach sé an solus mór agus do béigin dó an solus do leanamhaint. Isteach san pios a cuaidh an solus agus isteach leis an fear. Do bhí alán daoine istig cuid acu ag rínnce agus cuid acu ag gol. Do chuireadar an fear ar suideacán cois na teine é agus dfhan sé ansan ag feacaint ortha.
Ina diaidh tamaill tosnuigeadar go léir ag troid agus do buail duine acu an fear san ceann le dorn uabhasach agus tuit se ar thaobh an cnocán agus paiste maol ar a cheann san áit ar an bhuaile an sídeóg é. Níor cuaidh se an treo sin ag dul abhaile go deó i na dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Braighde, Co. Chiarraí