Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhuaileadar an corc sa “jar.” Thángadar agus deineadar poll sa talamh agus badh dhíubhal a’ “jar” é. Cuireadar an “jar” ar ghualainn Fhínn.
Tug sé leis abhaile annsan é agus fuair sé cleite nó sguabhín agus cimil sé iad go léir sa tímpal. Bherí Bhell. D’fhan aon fhear amháin nár srois an stuif é. D’eirigheadar go léir slán follamh ach fear amháin, an fhear ba mheasa ar an bhFéinn, Conán Maol t’réis bliain agus lá a chaitheamh in aon t-suidheacháin amháin.
Bhíodar ag dul abhaile fhágaint an fear ba measa na ndiaidh agus d’fill Oscar ar Conán agus cnabh sé den tsuidheachán é agus níor dhéin sé faic a bharra ach breith air agus é stracadh de’n tsuidheachán agus d’fhág sé a chroiceann in-achrann an tsuidheacháin. Fuair sé croiceann caorach. Bhuail sé bog te isteach air é. Cuaidh sé in achrann air é, is d’fás sé.
Bhí adhbhar stocaí de’n Fhéinn go léir d’olann ag fás ar Chonán gach blíain as san amach.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Moing Uí Dhúda, Co. Chiarraí