Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 399
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Agallamh é seo idir buachaill óg a bhí ag fágaint na h-Éireann agus cailín og tá ag labhairt leis. Deir sé léi nách bhfuil faic aige ach a shláinte...”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Shaoil mé féin, mar bhí mé gan eolas
Go mbéarfá dom do lámh
No fáinne an phósta
‘S shaoil mé an déigh-sin
Go mbeidh tú an réalt eolais
No bláth na súigh-craobh
Ar gach taobh de’n bhóthair.”(Buachaill)
“Is buachaillín bocht mé
Tá ag fághbháil na h-Eireann
Ag imtheacht cun na Frainnce
In Arm Rí Shéamais
Dhíol mé mo dúithche
Ar cúrta dighe géire
‘S a bheinn a’ tighe na páirte
Tabhair fliuchadh mo bhéal dom.”(Cailín)
“A ógánaig óig
A bhfuil a t-ór buidhe ‘na phéirlaig
An an-iomarca ban óg
A’ pógadh do bhéilín
Nár fagaidh mise an saoghal so
Tá mo sgíos go bréagach
Go n-oilpidh mé do leanbhán
Ar brollach geal mo léine.”- Faisnéiseoir
- Dónal Ua Céitig
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Fhíonáin, Co. Chiarraí