Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart ann fadó agus bhí sé ana sprionlaithe agus ana-bhocht. Bhí beirt nó triúr sa cheardchán lá agus bhíodar ag eachtraighe ar an sagart lena bhoichte agus le na spriúnlaitheacht. Ghaibh píobaire an treó agus d'fhiafruigh sé de stoc na ceardcan an ar an sagart a bhíodar ag cainnt. Dubhradar go beadh, dubhairt sé an amhlaidh a cheapadar ná féadfadh sé féin béile bídh a bhaint de. Dubhradar ná féadfadh sé go deó. Chuireadar geall le na chéile agus d'imthigh an píobaire go tigh an t-sagairt agus bhuail sé ag an ndoras Tháinig an cailín sa doras. Dubhairt an píobaire léi gur theastuig an sagart uaidh. Dubhairt sí ná raibh cead ag aoinne é d'fheiscint . Dubhairt sé gur gnó ana chúramach a beadh é agus a rádh leis teacht amach. I gcionn tamaill tháinig sé amach agus thug sé leis isteach an píobaire. Bhíodar ag cainnt tamall agus fé dheireadh labhair an píobaire agus dubhairt "Cuir is gcás, a athair, dá bhfaighainn airgead ag dul amú cad a dhéanfainn leis." "Tabhair chugham-sa é" arsa an sagart "agus fógróchad trí dhomhnach as a chéile é agus mar a bhfaighidh mé aoinne dho, cuirfimíd mar Aifrinntí le na n-anamnacha é ."Is dócha go bhfuil ocras ort." "Ó tá go maith" arsa an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus De Faoite
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Maidhchín Sheáinín
- Ainmneacha eile
- Maidhchín Sheáinín
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí