School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ba caoire, capall, gamhna, lachain, cearca, beithidhigh agus turcaithe ar an bhfeirm ag m'athair. Tá ceithre cinn de bhuaibh aige agus ainim ar gach ceann acu. Siad so na h-ainmneacha, Smólach, Blicí, Cúibí agus Doinní. Nuair a bhíonn ocras ar an gcapall tugann sé coirce dhi. Itheann an capall féar agus coirce, aitean agus prátaí, agus mangalaí. Tugtar cró mar ainim ar an áit na mbíonn na ba istigh
Cuirtear fionnán agus tuighe, asair agus luachair fé’s na h-ainimhithe mar leabaidh. Nuair a bhíonn mo mháthair ag glaodhach ar na turcaithe, deireann sí “bia, bia,bia”, nuair a ghlaodhann sí ar na lacain, deireann sí “fínach, fínach fínach” agus nuair a ghlaodhann sí ar na cearca deireann sí “tiuc, tiuc, tiuc”. Tugtar braighdeán mar ainim ar na ceanglacha a bhíonn ar na ba agus ar na gamhna. Nuair a bhíonn mo mháthair ag tabhairt bainne dos na gamhna deireann sí “suc, suc, suc”. Tá sean-fhocal i dtaobh na mbó, sé seo é. Is mór taibhseac iad adharca(continues on next page)- Collector
- Séamus De Faoite
- Gender
- Male
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
- Informant
- Áine Ní Chonnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí