Scoil: Currach Beag (uimhir rolla 10721)
- Suíomh:
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach Beag
- XML Leathanach 013
- XML “Seán Ó Chruimín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do chómhnuig fear i mBaile an t-Séipéal darb ainm Seán ó Cruimín. Gach oidhche do théigheadh sé súas go Béal a Chruimín ag féachaint ar na sidhe ag rínnce. Lá amháin dinnis a bhean an scéal don Sagart. Do scríobh an sagart rud éigin ar píosa páipéir. Do thug sé don mhnaoi? é. Dúbhairt sé é do thabhairt don fear agus ínnsint dó an chéad oidhche eile a raghadh sé ann an páipéar do chur idir é féin agus an sidhe a bhí ag rínnce. An oidhche sin chúaidh sé go Béal a Chruimín agus chonnaic sé na sidhe ag rínnce. Do chuir sé an píosa páipéir idir é féin agus na sídhe agus cad a chonnaic sé ach daoine ag caitheamh sméaróide dearg le na chéile agus ón oidhche sin amach níor chúaidh sé ann a thuille.
- Bailitheoir
- Conchúbhar Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Tinní Uachtaracha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Uachtaracha, Co. Chiarraí