Scoil: Broadford, Moyvalley (uimhir rolla 764)
- Suíomh:
- An tÁth Leathan, Co. Chill Dara
- Múinteoir: Dónall Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le linn a h-óige do tugtí ubh Aoine an Chéasta ar aon ubh a bheireadh cearc ar Aoine an Chéasta. Do chuireadh muinntir a tighe na h-uibhe sin i leath-taoibh go cúramach. Uair eigin taréis an mheadhon-oidhche ar maidin Domhnach Cásca d'eirigheadh muinntir a tighe agus bheirighdís na h-uibhe sin agus d'ithidís iad. Dá mba na beadh aca acht an t-aon ubh amháin do bheirighdis í agus do dheinidís í roinnt ar na daoine a bheadh i láthair. Dheineadh na h-uibhe sin maitheas anma agus cuirp do lucht a h-ithe. Níl tásc na tuairisc ar an sean-nós san anois. Nuair cailleadh a h-athair 's a máthair níor bhac an chlann den nós a thuille. Agus sé deir an t-sean-bhean so ná gur mór an truagh aon t-sean-nós a leigint chun báis.
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhongáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Maigh Bhealaigh, Co. Chill Dara