Scoil: St Brigid's Convent, Goresbridge (uimhir rolla 15695)
- Suíomh:
- An Droichead Nua, Co. Chill Chainnigh
- Múinteoir: Sr. Aibhistín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0862, Leathanach 033](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0862%2FCBES_0862_033.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0862, Leathanach 033
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Isteach is amach le céad go leith bliadhain ó shoin bhí fear darbh ainm Ralf Gór in a comhnuidhe i dtig ceann tuighe ar an dtaobh thoir de'n abhainn sa mbaile seo. Fear b'eadh Ralf a tuill a Pháig le saothar a dhá láimh. Fear ait a bhí ann agus é an-mhí shásta leis an slighe maireachtála bhí aige mar a bhí a lán roimhe agus mar a bheidh go deo. Sé an rud a bhí a chrádh i gcómhnuidhe ach corcín óir a bhí le fághail aige ó dhuine eigin ar Droichead Londain agus sé an port ba mhinicí a seinnt aige ach maoin na mbocht an aisling. Ní raibh aon rud ag baint sámh codladh na h-oidhche dhe ach fear an Coráin Óir as Droichead Londain a chonnaic sé cómh minic i bfis. Sa deire bheartuig sé an turas do chur fé agus cuige sin chuir sé roinnt airgid i dtaisce diaidh ar ndiaidh i slighe éigin. An uair bhí a dhóthain sabhaltha aige bhog sé chun Bhóthair agus é ag síor guidhe chun dé seoladh ar bhealach a leasa. Shroich sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- P. Ó Leathlóir
- Inscne
- Fireann