Scoil: Droichead na Ceathramhna
- Suíomh:
- Bridgecartron or Derrycashel, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: S. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear in-a chómhnuidhe i gConndae Shligigh fadó...”
(ar lean ón leathanach roimhe)gcarraig agus bhí sé fosgailte. Chuaidh an bhó isteach ann a's chuaidh an fear isteach ann freisin.
Bhí pálus alúinn ins an gcarraig agus b'é na sídheóga a bhí in-a gcómhnuidhe ann. Gach aon rud a bhí uaidh bhí sé le fághail aige. Bhí biadh an-deas le n-ithe ann. D'iarr an fear ar na sídheóga cé'n fáth gur thóg siad uaidh an bhó amháin a bhí aige gídh go rabh go leór bó eile ins an gcómhasanacht.
Dubhairt na sidheóga go mbeadh
Tár-éis trí seachtmhaine thug na sídheóga cead dó dul abhaile agus chuaidh sé abhaile. Lá amháin tar-éis teacht abhaile dó bhí sé ag siubhal in-aice na carraige agus céard a chonnaic sé acht bó dheas dhearg agus gamhan. Bhí fhios aige gur b'é na sídheóga a chuir ann iad. D'fhéach sé ar an gcarraig agus céard a chonnaic sé arís acht sparán mór ar crochadh uaithí. Do thóg sé anuas é, agus d'fhosgail sé é. Bhí na mílte púnt ann agus do chuir sé áthas mór ar an bhfear agus ar a mhnaoi.
Chuaidh sé abhaile go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máiréad Ní Tóibín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Béal Átha Fearnáin, Co. Ros Comáin
- Faisnéiseoir
- Páid Mac Meanamaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Béal Átha Fearnáin, Co. Ros Comáin