Scoil: Clochar na Trócaire, Roscomáin
- Suíomh:
- Ros Comáin, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: An tSr. M. Fionnbharra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)neamhspleádhchas aigne do dhuine.
Is luachmhaire i bhfad é nós an choigiltis ná seód ar bith, mar an té a chleachtann é ní chaillfear go deo air.
Tagann feabhas ar a shaoghal, árdach ar a thuilleamh, agus misneach ina chroidhe.
Bíonn sé galánta, deagh - ghléasta; tigh deas slachtmhar aige, agus cóir mhaith bhídh.
Bíonn rud i gcoimeád aige le haghaidh an ghanntannais, agus bíonn sé saor ó bhuaidhirt.
An té bhíonn thíos, agus a choigleann, árduighthear é, agus an té bhíonn thuas, agus a bhíonn coimeádthach, is fearrde é an nós sin.
Ní oireann airgead mór chun dul ag coigilt. Ní ghádh ach an iarracht do dhéanamh agus leanamhaint de.
Bainfidh sé sochar as fhad is beo é.(leanann ar an chéad leathanach eile)