Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ar a thaobh i sráid baile darb ainm Smáterán tá tobhar mór folláin doimhin.
Roimh bliadain an Gorta bhíodh a lán daoine in a gcomhnuidhe insan áit sin (táid imighte anois ar slighe na firinne) & géibidis uisce on dtobar sin.
I dteach éigin bhí cailín mór cneasta fial, datamhail agus aon tráthnóna amháin chuaidh sí go dtí an tobar cun canna fíor uisge a fagáil i gcoir an lae in a dhiaidh sin.
Do chrom sí síos agus bhí sí ar tí an canna a líonadh nuair a chuala sí torran ar a cúl. D'arduigh sí í féin & cad do chonnaic sí acht cóisde breágh & fear istigh ann.
Tháinig sé amach & do bheannuigh sé í. D'fiafraigh sé dí a dul in einfeacht leis go dtí a theach-sa mar bhí tinneas ar a mhnaoi. Cailín déag croidheamhail do bhí innti mar dubhairt mé cheadna agus nuair do chuala sí go raibh an bhean breoite & gan duine ar bith a tabhairt deoch dí dubhairt sí leis go rachadh sí ann.
Isteach leí san gcoisde agus ní raibh sé ró-fhada gur shroiseadar teach an fhir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Fithcille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile Mhic Thorlaigh, Co. Ros Comáin